← Bhí trí chéad fear ag baint chloch i nGleann na Smól, gleann aoibhinn seilge na Féinne. 🔊✎
← Luigh sí anuas orthu go raibh siad á gcloí aici, agus cuid acu ag titim i laige. 🔊✎
← Ansin shuigh Oisín i bhfianaise Phádraig agus na cléire gur inis sé a scéal ar Thír na nÓg agus ar Niamh Chinn Óir a mheall ón Fhiann é. Maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra bhí fuílleach áir na Féinne ag seilg fá Loch Léin. 🔊
← Tá a crainn ag cromadh de toradh is bláth agus is fairsing inti mil is fíon. 🔊✎
← "A Oisín," arsa Fionn, "mo chumha thú ag imeacht uaim agus gan súil agam le do theacht ar ais go brách." 🔊✎
← B'iomaí lá aoibhinn a bhí ag Fionn agus Oisín i gceann na Féinne fá réim, ag imirt fichille is ag ól, ag éisteacht cheoil is ag bronnadh séad. 🔊✎
← B'iomaí lá eile a bhí siad ag sealgaireacht i ngleannta mine nó ag treascairt laoch i ngarbhghleic. 🔊✎
← Chonaic siad an ainnir ó gar each dhonn ag imeacht ar bharr na toinne, úll óir ina deaslámh agus an marcach ina dhiaidh ar each bhán le claíomh chinn óir. 🔊✎
← Tháinig siad i dtír ag dún Rí na mBeo, mar a raibh iníon an rí ina brá ag Fómhar Builleach. 🔊✎
← D'fhág Oisín slán ag Niamh Chinn Óir, ag a dhís mhac agus ag a iníon. 🔊✎
← Casadh marcshlua air a chur iontas ina mhéid agus ina ghnaoi, agus nuair a chuir sé ceist orthu an raibh Fionn beo nó arm hair aon duine eile den Fhiann dúirt siad go raibh seanchas orthu ag luch scéalaíochta. 🔊